Joshua 14:12 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annois ar a nadhbharsin tabhair dhamh an slíabhso, dar labhair an TIGHEARNA san lásin; óir do chúala tú an lá sin mar do bhádar na Hanacimigh annsin, agus go rabhadar na caithreacha mór daingion: má bhíonn an TIGHEARNA liom, tiucfa dhíom ar a ccur amach, mar a dubhairt an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tabhair dom más ea na hardáin a gheall an Tiarna dom an uair úd. Chuala tú an uair úd go raibh na hAnacaím ag cur fúthu ansiúd, agus gur mhór agus gur dhaingean iad a gcathracha. Má bhíonn an Tiarna faram, tiomáinfidh mé amach iad mar a dúirt an Tiarna.»