Joshua 15:7 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuáidh an téora súas leath ré Debir ó ghleann Achor, agus marsin budh thuáigh, ag féachuin leath ré Gilgal, atá roimhe dhul súas go Haddummim, noch atá táobh ó dheas don tsruth: agus do chuáidh an téora leath ré huisgidhibh En‐semes, agus do bhádar a ndula amach sin ag En‐rogel.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh an teorainn suas go Deibír ó Ghleann Ácór agus ó thuaidh i dtreo an fháinne cloch os comhair Bhealach Adumaím atá ar an taobh theas den ghleann; ghabh an teorainn ar aghaidh go huiscí Éan Seimis, agus stad ag Éan Rogael.