Joshua 22:16 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As mar so a deírid íomlán chomhchruinnigh an TIGHEARNA, Cread an sarúghadhsa do rinneabhairsi a naghaidh Dé Israel, a bhfilleadh do leathtaoibh a niugh ó leanmhuin an TIGHEARNA, mar do rinneabhair altóir dhíbh féin, chor go rachadh sibh a ttréatuireachd a niugh a naghaidh an TIGHEARNA?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Mar seo a deir comhthionól uile an Tiarna libh: 'Cén chealg í seo a rinne sibh in aghaidh Dia Iosrael? Cad ab áil libh ag casadh i leataobh ón Tiarna inniu, ag tógáil altóra agus ag déanamh ceannairce inniu in aghaidh an Tiarna?