Joshua 24:13 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus thug mé dúithche dhaóibh ar son nach ndéarnabhair sáothar, agus caithreacha nach sibh féin do chuir súas, agus áitreabhthaoi ionta; do na lubhghortuibh fíneamhna agus ola nach sibh féin do phlannduigh a seadh ithí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug mé daoibh dúiche nár shaothraigh sibh féin inti, agus cathracha nach sibh a thóg iad, bíodh go gcónaíonn sibh iontu anois; itheann sibh toradh fíonghort agus garrán ológ nár phlandaigh sibh féin.'