Joshua 24:32 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus cnámha Ióseph, noch do thugadar clann Israel súas as an Négipt, do adhlaiceadar íad a Sechem, an sa bpíosa fearainn do cheannuigh Iacob ó mhacuibh Hámor athair Shechem ar chéad píosa airgid: agus tháinic na oíghreachd chum cloinne Ioseph.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cnámha Iósaef a thug clann Iosrael aneas ón Éigipt leo, adhlacadh iad i Seicim, sa phaiste talún a cheannaigh Iacób ó chlann Hamór, athair Sheicim, ar chéad píosa airgid; rinne oidhreacht de chuid chlann Iósaef de.