Joshua 3:16 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gur sheasadar na huisgidhe tháinic a núas ó náit shúas agus gur éirigh súas na chárn go ro fhada ón chathruigh Adam, atá ré táobh Sarétan: ach gur fhailligheadar íad sin tháinic a núas leath ré fairge an réitigh, a nfairge shaillte, agus gur gearradh amach íad: agus go ndeachadar an pobal a nonn go díreach as coinne Iericho.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó.