Joshua 4:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionnus go mbiáidh so na chomhartha aguibh, ionnus a nuair fhiafrochuid bhur cclann dá naithribh annsa naimsir thiocfas, gha rádh, Cread is ciall daóibh an sna clochuibhsi?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
chun cuimhneachán a dhéanamh air seo in bhur measc; nuair a chuirfidh bhur gclann ceist oraibh sna blianta le teacht: 'Cad é an chiall atá agaibh leis na clocha seo?'