Joshua 7:14 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nadhbhar sin béarthar sibh ar maidin do réir bhur ttreabh: agus is amhlaidh bhías, an ttreabh air a mbéara an TIGHEARNA go ttiucfuid do réir a muintear; agus an mhuintir air a mbéara an TIGHEARNA tiucfuid na ttighthibh; agus an tigh air a mbéara an TIGHEARNA tiucfuid na nduine agus na nduine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tagaigí i láthair dá bhrí sin ar maidin treibh ar threibh; agus an treibh ar a dtitfidh crann an Tiarna tagaidís i láthair fine ar fhine; agus an fine ar a dtitfidh crann an Tiarna, tagaidís i láthair teaghlach ar theaghlach; agus an teaghlach ar a dtitfidh crann an Tiarna, tagaidís i láthair duine ar dhuine.