Joshua 7:15 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus is eadh bhias de, an té ar a mbéarthar leis an ní móidighthe loisgfighear lé teinidh é féin, agus a mbía aige uile; do bhrígh gur sháruigh sé cunradh an TIGHEARNA, agus do bhrígh gur oibrigh sé leimhe a Niosrael.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a ghabhfar, agus ní atá faoin mbang ina sheilbh aige, loisctear sa tine é, é féin agus a bhfuil aige, mar gur sháraigh sé conradh an Tiarna agus go ndearna sé rud náireach in Iosrael.'»