Joshua 7:26 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thogbhadar leachda mór cloch ós a chionn gus a niugh. Mar sin do fhill an TIGHEARNA ó fhíoch a fheirge. Uime sin, do goireadh, Gleann Achor dainm don náitsin gus a niugh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thógadar carn mór cloch os a chionn, carn atá ann go dtí inniu féin. Ansin thug an Tiarna cúl le fraoch a fheirge. Uime sin tugadh Gleann an Mhí-Áidh ar an áit sin, agus sin é atá air go dtí inniu féin.