Joshua 8:33 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do sheas Israel uile, agus na seanóirighe, agus a noifigigh, agus a mbreitheamhuin, don taóibhsi don airc agus ar an ttaóibh oile roimhe na sagairt Lebhíteach, noch do iomchair airc chunnartha an TIGHEARNA, aráon an coimhidhtheach, agus an té rugadh na measc; leath dhíobh thall as coinne shléibhe Gerisim, agus an leath oile dhíobh thall as coinne shléibhe Ebal; mar do aithin Maóise óglach an TIGHEARNA roimhe, go mbeinneochaidís pobal Israel.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin Iosrael go léir, deoraí agus dúchasach, idir sheanóirí agus scríobhaithe agus bhreithiúna sheas siad ar dhá thaobh na háirce os comhair na sagart Léivíteach a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna; bhí leath díobh os coinne Shliabh Ghirizím agus leath os coinne Shliabh Éabál faoi mar a d' ordaigh Maois óglach an Tiarna de chéaduair do bheannú phobal Iosrael.