Jude 1:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do níd an dreamsa ancháint ar na neithibh nach aithnidh dhóibh: agus gidh bé neither ar a bhfuil eólas nadúrtha aca, do réir na nainmhinnteadh gan réusun, truáillid íad féin ionnta.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht labhrann an dream so go masluightheach i dtaobh neithe nach bhfuil aon eolas aca ortha: agus na neithe go bhfuil eolas ó dhúthchas aca ortha, truailligheann siad féin ionnta ar nós ainmhidhthe gan réasún.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíonn na daoine seo ag tabhairt masla do nithe nach dtuigeann siad, agus iad á scriosadh leis na nithe a mhothaíos siad lena gcéadfaí corportha mar ainmhithe éigiallda.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach an dream seo, maslaíonn siad an méid nach dtuigeann siad, agus na nithe is eol dóibh ó dhúchas dála na n-ainmhithe éigiallta, is tríothu atáthar á scriosadh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach an dream seo, maslaíonn siad an méid nach dtuigeann siad, agus na nithe is eol dóibh ó dhúchas dála na n-ainmhithe éigiallta, is tríothu atáthar dá scriosadh.