Jude 1:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As buill cháidheacha íad so ann bhur bhféusduighibh grádga, an tan bhíd ar fhéusda maille ribh, dá mbeathughadh féin gan fhaitcheas ar bith: neóill gan uisge, dá mbreith fá gcuáirt ris na gáothuibh; crainn do mheath, ar nach bhfuil toradh, do éug fá dhó, ar na mbuáin as a bhfréumhach;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atáid mar bhéadh cairrgeacha foluighthe ’n‐bhur bhfleadhannaibh grádha, ag ithe go craosach, mí‐náireach ’n‐bhur gcuibhreann, ag tabhairt aire dhóibh féin amháin; néallta gan uisce d’á scuabadh le gaothaibh; crainn fóghmhair gan toradh, atá marbh fá dhó, do tarraingeadh as a bhfréamhaibh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is iad a mhilleas clú bhur bhfleánna geanmnaí grá, ag comhól le chéile go dána, gan aird acu ach ar a bpléisiúr féin; néalta neamhcheathacha ceo iad, á séideadh ag gaotha; crainn chríonta neamhthorthacha dheireadh fómhair, a fuair bás faoi dhó, agus a tarraingíodh as a bhfréamhacha;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire dá tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, dá scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;