Jude 1:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Garbhthonna fairge, sgeitheas a náire féin amhuil chúbhar; réulta seachráin, fá chómhair a bhfuil an dorchadas fíordhorcha dá thaisge go síorruidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
garbh‐thonna fairrge, ag brúchtadh a náire féin amach; réaltana seachránacha go bhfuil dorchacht an duibheachain fá n‐a gcómhair go deoidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
tonnta tréana fian-fharraige faoi chúr a náire féin; réaltaí reatha a bhfuil dorchadas síoraí fíoríochtarach i ndán dóibh go deo na ndeor.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbeart táir féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil Ifreann duairc i ndán dóibh go brách.