Jude 1:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Chum breitheamhnuis do dhéunamh ar na huile dháoinibh, agus dimdheargadh gach a bhfuil neimhdhíagha na measg ar son na nuile ghníomharthadh neimhdhíagha do rinneadar go neimhdhiagha, agus ar son gach uile dhrochfhócal dar labhradar na peacuich neimhdhíagha na aghuidh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
chum breitheamhnas do dhéanamh ar chách, agus chum na daoine neimh‐dhiadha do dhaoradh i n‐éiric na ngníomhartha neimh‐dhiadha atá déanta go neimh‐dhiadha aca, agus ar son na bhfocal masluightheach atá ráidhte ag peacachaibh neimh‐dhiadha ’n‐a aghaidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
le breithiúnas a dhéanamh ar chách, agus leis an mbreith dhaortha, atá tuillte lena míghníomhartha diamhaslacha, a chur i ngníomh ar lucht an oilc, agus ar na peacaigh neamhchráifeacha a thug masla cainte dó.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
le breith a thabhairt ar chách agus na héagráifigh go léir a dhaoradh sna hoibreacha éagráifeacha go léir a rinne siad le barr éagráifeachta, agus sna nithe borba go léir a dúirt na peacaigh choirpeacha ina aghaidh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
le breith a thabhairt ar chách agus na héagráifigh go léir a dhaoradh sna hoibreacha éagráifeacha go léir a rinne siad le barr éagráifeachta, agus sna nithe borba go léir a dúirt na peacaigh choirpeacha ina aghaidh.