Jude 1:23 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus sáoruidh dream eile ré faitcheas, dá dtarruing as an dteine; agus fos bíodh fúath aguibh do néudach atá ar na shalchadh ón gcoluinn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
saoraidh cuid eile, g‐á dtarrang as an teinidh; agus déanaidh trócaire ar chuid eile le h‐eagla; ag tabhairt fuatha do’n éadach féin atá saluighthe leis an gcolainn.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus cuirigí tarrtháil ar chuid eile acu, á dtarraingt amach as an tine; agus déanaigí an trócaire ar an gcuid eile a ligeann an eagla daoibh, agus bíodh gráin agaibh go fiú ar an éadach sin ar chuir an cholainn smál salach air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
déanaigí a thuilleadh a sciobadh as an tine agus a shaoradh, agus déanaigí trócaire ar a thuilleadh fós ach eagla oraibh agus fuath agaibh fiú don léine a thruailligh an cholainn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
déanaigí a thuilleadh a sciobadh as an tine agus a shaoradh, agus déanaigí trócaire ar a thuilleadh fós ach eagla oraibh agus fuath agaibh fiú don léine a thruailligh an cholainn.