Jude 1:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dhearbhráithre grádhacha, ar ndéunamh a nuile dhitchill damh ar sgríobhadh chuguibh a dtimchioll an tslánuighthe choitchinn, do bhí na riachdanus oram sgríobhadh chuguibh, chum bhur dteaguisg fá chathúghadh go dithchiollach ar son an chreidimh tugadh éunuáir amháin do na náomhuibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
A cháirde ionmhaine, ó thárla go raibh fonn mór orm scríobhadh chugaibh i dtaobh ár slánuighthe chómh‐choitchinn, is é do bhí ’gam’ spreagadh a mheas go raibh sé de dhualgas orm scríobhadh chugaibh g’á impidhe oraibh an creideamh tugadh aon uair amháin do na naomhaibh do chosaint go daingean.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
A lucht na páirte, cé go mbʼfhearr liom scríobh chugaibh i dtaobh ár slánaithe chomhchoitinn, bʼéigean dom scríobh chugaibh ag iarraidh oraibh dul i ngleic ar son an chreidimh seo a tugadh do na naoimh aon uair amháin agus an uair dheireanach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus b' éigean dom scríobh chugaibh á impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus bʼéigean dom scríobh chugaibh dá impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh.