Jude 1:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír tangadar dáoine áirighe, neimhdhíagha, ar téultogh a steach, noch do bhí fadá ó shin roimh láimh orduighthe chum an bhreitheamhnuis so, noch iompoigheas grás ar Ndé a neamhghloine, agus shéunas an táon Mhaighisdir, Día, agus ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir atá daoine áirithe do shleamhnuigh isteach ós íseal, daoine do réamh‐órduigheadh fad ó chum na daoir‐bhreithe seo, daoine neimh‐dhiadha atá ag tionntodh grása ár nDé go colnaidheacht, agus atá ag séanadh Íosa Críost, ár n‐aon Mháighistir agus ár n‐aon Tighearna amháin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá riachtanas leis sin de bharr daoine áirithe atá tar éis snámh isteach eadrainn, a raibh an daorbhreith seo i ndán dóibh ó anallód, daoine neamhchráifeacha a chlaonas grásta Dé chun drabhláis agus a shéanas ár n-aon Mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n-aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n-aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.