Jude 1:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin is mían leam bhur ccur a gcuimhne, ar bhfagháil a fheasa éunúir amháin, an tan do sháor an Tighearna, an pobal ó Néigipt, gur sgrios sé na dhiáigh sin an dream nár chreid.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is mian liom anois a chur i gcuimhne dhaoibh, bíodh go bhfuil lán‐eolas agaibh ar na neithibh seo ar fad, gur shaor an Tighearna pobal as tír na hÉigipite aon uair amháin, acht gur scrios sé ’n‐a dhiaidh sin iad‐san nár chreid.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Caithfimid a chur i gcuimhne daoibh, cé go raibh gach eolas agaibh, gur thug an Tiarna an pobal slán as an Éigipt aon uair amháin, ach gur scrios sé an dara huair an méid acu nár chreid.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid.