Jude 1:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do réir mar atá Sodom agus Gomorra, agus na caithreacha na dtimchioll, noch do lean do dhrúis air an modh céudna sin, agus do lean dainmhíanuibh coimhthigheacha na colla, ar nag cur síos na neisiompláir, ag fulang péine na teineadh síorruidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Sodam agus Gomorra, agus na cathracha ’n‐a dtimcheall, mar an gcéadna, do lean de striapachas agus de chuirptheacht mhí‐nádúrtha, tugadh iad mar eisiompláir, ag fulang peannaide na teineadh síorraidhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus an tSodóm agus Gomora agus na cathracha máguaird, a chuaigh le drúis agus a dʼimigh le hainmhianta mínádúrtha, tá sampla déanta díobh freisin, agus pionós á imirt orthu ag tinte na síoraíochta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ba é an dála céanna é ag Sodom agus Gomorá, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siadsan freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt pionós na tine síoraí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ba é an dála céanna é ag Sodam agus Gomóra, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siad-san freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt phionós na tine síoraí.