Jude 1:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd fós mar an gcéudna saluighid an dreamsa tré na gcodladh an cholann, agus cuirid úachdaránachd a dtarcuisne, agus do níd anchaint ar an luchd agá bhfuil áirdcheannas.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht cheana, saluigheann siad so an cholann le n‐a n‐aislingibh, agus ghníonn siad beag‐is‐fiú de thighearnas, agus masluigheann siad an sluagh glórmhar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is amhlaidh don dream seo na n-aislingí bréige, a shalaíos an cholainn, agus a dhiúltaíos don údarás, agus a thugas masla dá bhfuil sa ghlóir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déanann an dream seo, ámh, ar an tslí chéanna lena mbrionglóidí an cholainn a thruailliú, an t-údarás a shéanadh, agus aingil na glóire a mhaslú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Déanann an dream seo, ámh, ar an tslí chéanna lena mbrionglóidí an cholainn a thruailliú, an t-údarás a shéanadh, agus aingil na glóire a mhaslú.