Judges 11:17 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annsin do chuir Israel teachda go rígh Edom, gha rádh, Guidhím thú, léig dhamh gabhail thríd do dhúitche: achd nior bháill lé rígh Edom eisdeachd rís sin. Agus ar an mhodh gcéadna do chuir go rígh Mhóab: agus níor áontuigh seision: agus fhosaidh Israel a Gcádes.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chuir Iosrael teachtairí go rí Eadóm á rá: 'Lig dúinn gabhail trí do thír, le do thoil'; ach ní éistfeadh rí Eadóm. Chuireadar teachtairí go rí Mhóáb chomh maith, ach ní bheadh sé sásta. D' fhan Iosrael i gCáidéis dá bhrí sin.