Judges 12:4 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do chruínnigh Iephtah muinntir Ghilead uile a ccionn a chéile, agus do throid sé lé Héphraim: agus do bhuáileadar muinntir Ghílead Ephraim, do bhrígh go ndubhradar, Sibhsi a Ghíleaditeacha as teithmhighe sibh ó Ephraim, a measc na Néphraimíteach, agus a measc na Manassiteach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chruinnigh Iaftá sluaite Ghileád go léir agus chuir cath ar Eafráim, agus chuir sluaite Ghileád an teitheadh ar Eafráim mar go raibh siadsan á rá: «Níl ionaibh ach lucht tréigthe Eafráim, a Ghileádacha, i lár Eafráim agus Mhanaise!»