Judges 13:20 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír tárla, a núair do chuáidh an lasair súas leath re neamh ó naltóir, go ndeachaidh an taingeal súas a lasair na haltóra. Agus dféach Manoah agus a bhean air sin, agus do thuiteadar ar a naighthibh chum na talmhan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí an bhladhm ag dul in airde chun na bhflaitheas ón altóir, ghabh aingeal an Tiarna suas i lasracha na haltóra os comhair súl Mhánóach agus a mhná, agus thiteadar ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh.