Judges 15:19 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ach do scoilt Día áit tholl do bhí annsa ngíall, agus tháinic uisge as; agus a núair do ibh sé deoch, tháinic a spiorad a rís, agus do aithbheodhuigh sé: uimesin do ghoir sé don náit En‐hacore, noch atá a Lehi gus a niugh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chuir an Tiarna scoilt sa log sa talamh ansiúd i Leichí, agus tháinig uisce as. D' ól Samsón, d' fhill a mhisneach air, agus tháinig neart arís ann. Tugadh Éan Hacórae ar an tobar sin dá bharrsan; tá sé ansiúd i Leichí go dtí an lá seo féin.