Judges 18:7 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Ann sin do imthigheadar an cúigear fear, agus tangadar go Láis, agus do chonncadar na daoine do bhí annsin, mar do áitreabhadar go neimheaglach, do réir nóis na Sidónianach, suáimhneach socair; agus ní ráibh úachdarán ar bíth sa dúithche do chuirfeadh náire orra fa eínní; agus do bhádar a bhfad ó na Sidónianachuibh, agus ní raibh cúis eatorra agus duine ar bith.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' imigh an cúigear leo agus thángadar go Láís, agus chonaiceadar go raibh muintir na háite sin ina gcónaí ansiúd gan bhuaireamh, dála na Síodónach, gan aighneas gan drochiontaoibh; nach raibh aon ní faoin spéir in easnamh orthu; go rabhadar i bhfad ó na Síodónaigh agus gan baint acu leis na [hArámaigh].