Judges 19:3 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus déirigh a fear, agus do chuáidh na diáigh, do labhairt go muinteardhá ría, agus dá tabhairt leis a ris, ar mbeith da sherbhíseach na fhochair, agus cúpla assal: agus rug sí a steach go tigh a hathar é: agus a nuáir do chonnairc athair an chailín é, do bhí lúathgháir air teagmháil ris.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chuir a fear chun bóthair chun dul ar a tuairisc, labhairt go cneasta léi agus í a thabhairt ar ais; thug sé leis a ghiolla agus dhá asal. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do theach athair a chéile, chonaic athair na hógmhná é, tháinig sé ina choinne le háthas.