Judges 19:5 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla air an cceathramhadh lá, a nuáir déirgheadar go moch ar maidin, gur éirigh seision súas na sheasamh chum imtheachda: agus a dubhairt athair an chailín ré na chlíamhuin, Méaduigh do mheanma lé greim aráin, agus na dhiáigh sin imthigh romhad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an gceathrú lá, d' éiríodar go moch, agus d' ullmhaigh an Léivíteach chun bóthair, ach dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: «Bíodh greim bia agat chun tú féin a neartú don bhóthar! Is féidir duit imeacht ina dhiaidh sin.»