Judges 19:9 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nuáir do éirigh an tóglach na sheasamh chum imtheachd, é fein agus a léannán, agus a sherbhíseach, a dubhairt a chlíamhuin, athair an chailín ris, Féach, ata an lá mall anois a ngar don tráthnóna, guidhim thú fuiridh feadh na hoidhche: féach, atá an lá deighionach, fan a nochd annso, chor go mbiádh do chroidhe súgach; agus a márach éirigh go moch chum do shligheadh, chor go bhféadfa tú dul don bhaile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a d' éirigh an fear agus a bhean luí agus a ghiolla chun imeachta, dúirt athair a chéile, athair na hógmhná, leis: «Féach, tá sé anonn go maith sa lá agus ag druidim le tráthnóna; fan anseo anocht agus bí go súgach. Is féidir leat éirí go moch do do thuras ar maidin amárach agus filleadh abhaile.»