Judges 20:45 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fhilleadar agus do theitheadar leath ris an bhfasách go carruig Rimmon: agus do dhióghlomadar dhíobh ar na slighthibh móra cuig mhíle fear; agus do leanadar orra go daingean go Gídom, agus do mharbhadar dhá mhíle fear dhíobh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chas an fuílleach agus theitheadar i dtreo an fhásaigh agus Charraig Rimeon. Treascraíodh cúig mhíle fear díobh ar na bóithre, agus ansin cuireadh tóir orthu go Geaba agus maraíodh dhá mhíle díobh.