Judges 21:19 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin a dubhradarsan, Féach, atá féasta don TIGHEARNA a Síloh gacha bliadhna noch atá don táobh thuáigh do Bhetel, don táobh shoir don tslighe mhóir noch téid súas ó Bhetel go Schechem, agus táobh ó dheas do Lebonah.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Ach, féach!» ar siad, «tá féile leis an Tiarna a chomórtar gach bliain i Sileo.» (Tá an baile seo lastuaidh de Bhéitéil, soir ón mórbhóthar a ghabhann ó Bhéiteil go Seicim, agus ó dheas ó Labóná.)