Judges 7:24 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus dó chuir Gideon teachda ar feadh shléibhe Ephraim, gha rádh, Tigidh a núas a naghaidh na Mídianach, agus gabhuibh rompa na huisgidhe go Bet‐barah agus go Iordan. Ann sin do chruinnigheadar muinntir Ephraim íad féin a cceann a chéile, agus do ghabhadar na huisgidhe go Bet‐barah, agus go Iordan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir Gideón teachtairí trí ardáin Eafráim á rá: «Tagaigí anuas i gcoinne Mhidián, agus gabhaigí na huiscí orthu as seo go Béit Bárá, agus an Iordáin chomh maith.» Tháinig muintir Eafráim go léir dá bhrí sin agus ghabhadar na huiscí as sin go Béit Bárá, agus an Iordáin.