Lamentations 1:15 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do shaltair an TIGHEARNA síos mo dhaoine cumhachtacha uile ann mo lár: do ghoir sé oireachtus am aghaidh do brúigheadh mo dhaóine óga: do bhrúigh an TIGHEARNA an mhaighdion, inghean Iúdah, amhuil budh a númar fíona.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Na gaiscígh uile a bhíodh agam, tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh; thug sé slua le chéile i m' aghaidh chun mo chuid ógánach a chloí; tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir ar iníon fhíorógh Iúdá.