Lamentations 2:5 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhí an TIGHEARNA mar námhuid: do shluig sé súas Israel, do shluig sé súas a páláis uile: do scrios sé a daingneacha láidre, agus do mhéaduigh sé a ninghin Iúdah dóbrón agus cumha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' iompair an Tiarna é féin mar namhaid; rinne sé Iosrael a mhilleadh; scartáil sé a caisleáin go léir; leag sé a dúnta daingne; mhéadaigh sé an éagaoin agus an t-éagnach a bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.