Lamentations 2:8 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do thríall an TIGHEARNA balladha inghine Sion do mhilleadh: do shín sé dorubha amach, níor chonnaimh sé a lámh ó aidhmhilleadh: uimesin thug sé air an dídean agus air an mballa caói, do chúadar a néagcrúas lé chéile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chinn an Tiarna ar chonamar a dhéanamh de bhalla iníon Shíón; shín sé an dorú tomhais leis agus níor stad sé go raibh sé scriosta; chuir sé drochbhail ar bhalla agus ar bhábhún sa chaoi go bhfuil siad araon ag mionú.