Leviticus 1:17 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus scoiltfidh sé é go na sciathánuibh, achd ní roinnfidh ó chéile é; agus loiscfidh an sagart ar a naltóir é, ar an cconnadh atá ar an teinidh: is ofráil loiscthe é, ofrail déanta le teinidh, do bholuidh cumhra don TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Stolladh sé ina dhá leath é, le sciathán ar gach taobh, ach ná scaradh sé an dá chuid ó chéile. Dódh an sagart ar an altóir ansin é ar an mbrosna ar an tine. Beidh an t-uileloisctheach seo ina íobairt dhóite, agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.