Leviticus 10:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus a dubhairt Maóise re Aáron, agus re Heleásar agus re Hitamar, a mhaca, Ná nochtuigh bhur gcinn, narab mó bhrisfidhe bhur néádach; deagla go murfidhe sibh, agus deagla feirge do theachd ar an pobal uile: achd caoindís bhur ndearbhraithre, tigh Israel uile, an loscadh noch do las an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Maois le hÁrón agus lena mhic Eileázár agus Íteámár: «Ná stollaigí gruaig bhur gcinn agus ná sracaigí bhur gcuid éadaigh; ní baol daoibh an bás; is leis an gcomhthionól uile atá sé i bhfearg; is é teaghlach Iosrael uile a chaithfidh bhur mbráithre a chaoineadh, bhur mbráithre a scrios tine an Tiarna.