Leviticus 17:13 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus gidh bé ar bith duine bhías do chloinn Israel, nó do na coimhightheachuibh chomhnuigheas bhur measc, do ní fíadhach agus bheireas ar bheathach nó ai éun is éidir ithe; dóirtfidh amach a fhuil sin, agus foileochuidh lé luáithreadh í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a bheireann sa tseilg ar éan nó ar ainmhí is ceadmhach a ithe, déanadh sé a fhuil a dhoirteadh agus a chlúdach le cré.