Leviticus 17:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus nach dtiubhra go dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe é, do ofráil íodhbartha don TIGHEARNA as coinne thabernacuil an TIGHEARNA; cuirfighear fuil a leith an fhirsin; do dhóirt sé fuil; agus gearrfuighear an duine sin amach ó mheasg a dháoine:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ní foláir dó ar dtús é a thabhairt go doras Bhoth an Teagmhála lena ofráil don Tiarna os comhair a thaibearnacail; aon duine nach ndéanann amhlaidh cuirfear an fhuil a doirteadh ina leith; déantar é a ionnarbadh óna phobal.