Leviticus 20:18 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus má luighinn fear lé mnáoí a mbia a tinneas uirre, agus go léigfidh a tárrnochd leis; do thaisbean sé a tobar, agus do léig sisi tobar a fola leis: agus gearrfuighear íad aráon a mach ó bheith a measc a muinntire.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fear a luíonn le bean le linn a cúrsaí agus a bhaineann an folach dá nochtacht: Nocht sé foinse a fola agus bhain sí an folach d' fhoinse a fola. Déantar iad araon a ionnarbadh óna bpobal.