Leviticus 25:46 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus glacfuidhe chugaibh íad mar oighreachd da bhur gcloinn bhur ndiáigh, da séalbhughadh mar oighreachd; beid na ndáoirsineachuibh aguibh go bráth: achd os cionn bhur ndearbhraithreach clann Israel, ní dhéantáoi nachdaránachd ar a chéile go díbhfheirgeach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní miste daoibh iad a fhágáil le huacht ag bhur gclann mhac in bhur ndiaidh le bheith ina seilbh go brách. Bídís-sean mar dhaoir agaibh, ach ná bígí in bhur máistrí diana ar bhur mbráithre, clann Iosrael.