Leviticus 5:11 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Achd muna ttí dhe dhá éun turtuire, nó dhá cholum óga thabhairt, annsin do bhéura an té do pheacaidh ar son a ofrála, an deachmhadh cuid do ephah do phlúr mín mar ofráil pheacuidh; ní chuirfidh ola air, ní mó chuirfeas se túis air: óir is ofráil pheacaidh i.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mura bhfuil sé d' acmhainn aige péire colm nó dhá ghearrcach colúir a thabhairt, ansin tugadh sé deachú éafá de phlúr mar íobairt ar son an pheaca a rinne sé; ná cuireadh sé ola ann, ná túis chumhra air, mar is íobairt pheaca é.