Leviticus 8:24 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tug fós mic Aáron, agus do chuir Maóise cuid do nfuil ar bhárr a ccluás deas, agus ar ordóguibh a lámh ndeas, agus ar ordóguibh a ccos ndeas: agus do chroith Maóise a nfuil ar a naltoir fá gcuáirt.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin tugadh clann mhac Árón i láthair agus chuir Maois cuid den fhuil ar mhaothán a gcluaise deise, ar ordóg a láimhe deise agus ar ordóg a gcoise deise. Agus dhoirt Maois an chuid eile den fhuil ar imill na haltóra.