Leviticus 8:30 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghlac Maóise cuid don ola ungtha, agus do nfuíl do bhí ar a naltóir, agus do chroith é ar Aáron, agus ar a éadach, agus ar a mhacaibh, agus ar éaduighibh a mhac maílle ris; agus do náomhuigh sé Aáron, agus a chuladh agus a mhic, agus culadha a mhac mar áon ris.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin thóg Maois cuid den chriosma agus den fhuil a bhí ar an altóir, agus dhoirt ar Árón agus ar a éidí í, agus ar a chlann mhac agus ar a n-éidí. Choisric sé Árón agus a éidí, a chlann mhac agus a n-éidí, ar an gcuma sin.