Luke 1:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir bíaidh sé na dhuine mhór a bhfíadhnuisi an Tighearna, agus ni íobha sé fíon na deoch láidir; agus fós bíaidh sé lan don Spiorad Náomh, ó bhroinn a mháthar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir béidh sé mór i bhfiadhnaise an Tighearna, agus fíon nó deoch meisneamhail ní ólfaidh sé; agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh ó bhroinn a mháthar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar beidh sé ina fhear mór os comhair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná biotáille, ach is amhlaidh líonfar den Spiorad Naomh é, chomh luath agus a fhágfaidh sé broinn a mháthar.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,