Luke 1:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndul a mach dhó, nír bhéidir leis labhairt ríu: agus do aithnigheadar go bhfacaidh sé taidhbhsi sa teampoll: óir do sméid sé orrtha, agus do fhan sé balbh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair tháinig sé amach, níor fhéad sé labhairt leo; agus do bhí a fhios aca go bhfaca sé aisling sa teampall: agus do lean sé ag déanamh cómhartha dhóibh, agus d’fhan sé balbh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a tháinig sé amach, ní raibh sé in inmhe labhairt leo, agus ba léir dóibh go raibh sé i ndiaidh taispeáint a fheiceáil sa teampall; agus dhéanadh sé comharthaí leo agus é balbh i rith an ama.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus d' fhan balbh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus dʼfhan balbh.