Luke 1:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír is mar so do rinne an Tighearna rium ann sna laethibh an ar fhéuch sé oram, do thógbháil mo neimhcheana dhiom a measg na ndáoine.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Mar so do‐rinne an Tighearna liom ins na laethibh ’n‐ar fhéach sé orm, ó thóg sé dhíom an aithis do bhí orm i measc na ndaoine.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Is í sin obair Dé san am a raibh aird aige orm, ionas go mbeadh deireadh leis an achasán a bhíodh orm i súile na ndaoine.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ag rá: «Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun m' aithis i measc daoine a thógáil díom.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun mʼaithis i measc daoine a thógáil díom.”