Luke 1:76 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tusa, a leinibh, goirfithear diot faídh an té as Airde: óir rachuidh tú roimh aghaidh an Thighearna dullmhughadh a shligheadh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tusa, a leinbh, glaodhfar ort fáidh an Té is Aoirde; Óir rachair roimh an Tighearna ag réidhteach na slighe dhó:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus is díot, a linbh úd, a ghairfear fáidh an Té is Airde; ós tú a rachas amach roimh an Tiarna lena shlite a dhéanamh réidh roimhe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tusa, a leanbh, glaofar ort-sa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthair,