Luke 1:79 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do thabhairt soillsi don droing do bhí na suidhe a ndorchadas agus a sgáile an bháis, agus do dhíorghadh ar gcos a slighe na síothchána.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ag soillsiú ortha‐san atá ’n‐a suidhe i ndorchadas agus i scáile an bháis; Ag seoladh ár gcos i slighe na síothchána.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ag tabhairt solais don dream atá ina suí faoin dorchadas agus faoi scáil an bháis, agus ag seoladh ár gcos go slí na síochána.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis; chun ár gcéimeanna a sheoladh i mbóthar na síochána.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis; chun ár gcéimeanna a sheoladh ar bhóthar na síochána.”