Luke 10:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Craithmíd dhínn bhur naghaidh, go fiú an luaithridh do lean dínn, as bhur gcathruigh: achd cheana bíodh a fhios so aguibh, gur dhruid rioghachd Dé ribh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
croithimís dínn é ’n‐bhúr n‐aghaidh: acht cheana, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé druidthe libh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
‘Táimid ag baint dínn go fiú deannaigh bhur mbaile a ghreamaíos dár gcosa mar chomhartha in bhur n‑éadan; ní fhágann sin nach dtugaimid le fios daoibh go bhfuil ríocht Dé i ndiaidh teacht i bhfogas.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
' Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achomaireacht.’